Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Painéal Idirghabhála Teaghlaigh

Painéal Idirghabhála Teaghlaigh

Cad é an Painéal?

Tá Painéal Cleachtóirí Príobháideacha Idirghabhálaí Teaghlaigh á bhunú ag an mBord um Chúnamh Dlíthiúil chun seirbhísí idirghabhála a sholáthar do chliaint an Bhoird de bhun Alt 5(1) agus Alt 11A(1) den Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1995 (arna leasú).

Cén obair ar féidir liom a bheith ag súil leis ón bpainéal?

Áireoidh cliaint a atreoraítear faoi théarmaí an phainéil seo idirghabháil teaghlaigh le haghaidh:

  • Colscaradh
  • Scaradh
  • Páirtnéireacht Shibhialta a Dhíscaoileadh
  • Cothabháil
  • Coimeád,
  • Rochtain agus
  • Caomhnóireacht Tuismitheoireacht

Cuirfear tús leis an bPainéal nua ar 27 Eanáir 2023

Chun faisnéis a fháil ar Phainéal na nEadránaithe Cleachtóirí Príobháideacha, atá á bhunú ar feadh tréimhse bliana ó 27 Eanáir 2023, cliceáil anseo.

Conas a rachaidh mé isteach sa phainéal?

Is féidir leat an fhoirm iarratais a íoslódáil anseo. Comhlánaigh go hiomlán agus seol ar ais chuig: fmsops@legalaidboard.ie

Táim sínithe suas. Conas a gheobhaidh mé obair?

Sannfaidh an Bord cásanna, ag féachaint dá chritéir atá bunaithe go hinmheánach. Ina measc seo tá suíomh geografach na n-iarratasóirí, fad na n-amanna feithimh agus an líon ar liostaí feithimh.

Cad iad na táillí atá iníoctha?

Tá scála caighdeánach táillí iníoctha in aghaidh an cháis le hidirghabhálaí ar an bPainéal chun seirbhísí a sholáthar. Is féidir iad seo a fháil i gceangal leis na Téarmaí agus Coinníollacha. Is féidir éilimh a dhéanamh ar an bhFoirm Éilimh ar Tháillí a ghabhann leis seo thíos.

Foirm Éilimh don Phainéal

Is féidir éilimh a bhaineann le cásanna reatha arna dtarchur faoin bPainéal a dhéanamh ag baint úsáide as an bhFoirm Éilimh seo.